Stories by Aodán Ó Broin on Medium
Mhúscail muid leis éirí na gréine. Bhí muid ag campáil i mbrú i mbaile beag darbh ainm Murillo, suite ag ~2950 méadar os cionn leibhéal na farraige. Trí timpiste dúisigh mé bean an tí ⁊ mé ag iarraidh íoc an 30,000 Pesos (~ €8.20) ⁊ muid ag fágáil.
Tuar ceatha os cionn an puball
Rothaigh muid tríd bhaile ciúin ar ár gcuid rothar. Ní raibh faic oscailte, rud fós nach thuigim faoin Cholóim. Éiríonn an grian thart ar a 6 a chlog, rud nach athraíonn mórán tríd an bhliain mar gheall go bhfuil sé chomh cóngarach leis an mheánchiorcail. Ní osclaíonn aon rud ar a laghad go dtí a naoi a chlog. Ach an maidin seo, ní raibh an am againn le haghaidh café deas ar aon nós. Bhí bolcán mór romhainn, Nevado del Ruiz. Thart ar an bholcán, an bóthar is airde sa Cholóim — Alto del Sifón.
Tá clú ⁊ cáil ar an dhreapadh mar deirtear go bhfuil sé an dreapadh rothair is mó sa domhan. Tá tú in ann tosaigh thart ar 350 méadar, ⁊ ní stopann tú go dtí go shroicheann tú 4149 meadar. Is dócha go déantar an dreapadh sin i lá amháin le rothar carbóin, ní lé rothar turasóireachta trom. Bhí mise sásta nach raibh muid ag tosnú ag ~ 350 m.
Bhí dromchla an bóthar an-mhín, rud a bhí an-dheas tar éis cúpla lá de bóithre gairbhéilacha. Bhí muid ag dul go maith, Ciara ag glaoch amach gach garsprioc de céad méadar. Bhí go leor uisce is sneaiceanna againn don lá fada. Fuair muid ár gcéad radharc de na plandaí speisialta páramo ‘frailejones’ ag ~3600 m.
An chéad radharc de na plandaí ‘frailejones’
Suas céad méadar eile ⁊ bhí an áit clúdaithe leo.
Frailejones gach áit
Plandaí dochreidte ab iad. Mothaigh sé saghas osnádúrtha ag rothaigh tríd. Ní fhaca mé a leithéid riamh. Fásann siad sa éiceachóras páramo amháin.
Gach lúb a cas muid bhí radharcanna dochreidte cosúil le seo:
Dreapadh chríocha ós ár gcomhair ar an taobh eile den gleann
Ní raibh radharc againn den bolcán ar an drochuair. Bhí scamall dhorcha ós ár gcionn an lá ar fad.
Suas go dtí 3800 méadar anois ⁊ thosaigh mé ag mothú an airde, píosa. Ag 3000 m tá 70% an ocsaigin ag leibhéal na farraige, ag 4000 m titeann sin ag dtí 60%. Bhí mé imníoch go cuirfidh an airde isteach orainn ⁊ nach mbeidh muid in an an dreapadh a dhéanamh.
Nuair a shroich muid 3900 m ní raibh an airde nó aimsir chun muid a stopadh. Bhí sé i bhfad níos fuaire anois, tháinig na lámhainní teo amach don chéad uair sa tuars Meiriceá Theas, ceannachán riachtanach ó Nua Shealainn nuair a bhuail an fómhar muid ansin.
Ag 4000 m bhí mé mothú go maith. Bhí sé dearcair dianiarracht a dhéanamh, ní raibh an ocsaigin ann. Bhí an iarracht níos deacra, ach bhí an fána is géara críochnaithe. Cothromaigh an bóthar amach beagán, fiú bhí sos beag nó dhó againn nuair a thit muid faoi 4000 m arís.
Sos le haghaidh na cosa ag titim arís
Ag 4100 m bhí mé ar mhuin na muice, ní raibh fada le dul. Bhí an bóthar ciúin ach shéid gach car ⁊ gluaisrothar a mbonnán go cairdiúil nuair a chuaigh siad tharainn, go háirithe níos gaire don bharr.
Faoi dheireadh shroich muid barr an dreapadh, 4149 m, áthas an domhain orainn.
Fiosrach ⁊ Gormán ag barr an dhreapadh ag 4149 m
Ní raibh mórán le déanamh tar éis sin, bhí domhantarraingt ar ár taobh. Mothaigh na cosa an-throm le haghaidh na dreapadh beaga a bhí fágtha, ach den chuid is mó bhí muid ag baint úsáid as ár gcoscán.
Ciara ag teacht thart ar coirnéal
Ba í an ceann scríbe a bhí againn ná campál ag foinse the, a d’aimsigh Ciara ar aip úsáideach ‘Rolling Around’.
An bóthar go dtí na foinsí the
Shroich muid na foinsí the le go leor am chun taithneamh a baint astu. Direach cad a bhí de dhíth ag na cosa tar éis an dreapadh mór.
Na foinsí the le suíomhanna campáil clúdaithe thart orthu
Lá dochreidte. Bhí meangadh gáire ar m’aghaidh an lá ar fad.
Próifíl airde an lá
Lá 1
Thosaigh muid an slí píosa déanach ar maidin. Bhí mé lán tuirseach agus bhí mo mhatáin stompaithe ó chluiche craoibhe an lá roimh ré. Bhí Ciara freisin ag mothú mar an chéanna mar bhí a lán rití déanta aici an tseachtain roimhe. Lán le leite ┐caife blasta mar breosla, fuaramar síob go dtí beagnach tús an chasadh isteach ar an slí go dtí Cathair Saidhbhín. Áit nach bhfeicfimid arís ar feadh ceithre lá. Ar aghaidh linn →
Ní raibh mórán barúil againn cad a bhí romhainn, ba é seo ár gcéad tréshiúlóid. Ní raibh fada le dul againn sula raibh ár gcosa fliuch báite agus ár mbrogaí sáithithe. Sin mar a d’fhan siad an lá ar fad…
Ach níor chuir stocaí fliucha isteach nó amach orainn ar chor ar bith.
Bhí thart ar 22 ciliméadar go dtí go sroich much an am lóin san Coireán. Bhí ocras orm cheana féin. Níorbh fada a bhí gur shocraigh muid isteach ar rithim mhaith. Ní raibh mórán eolas againn cad a bhí os ár gcomhair.
Bhí radharc deas againn ar Loch Luíoch, a fhaigheann an ainm i ndiaidh dia Ceilteach Lugh, ┐muid ag teacht isteach go dtí an Coireán. Shroic muid an Coireán thart ar dó a chlog. Isteach sa siopa láithreach le haghaidh taoschnónna ┐Jellys Babies. Chuaigh muid ag lorg cothú ansin. D’aimsigh muid stobhach veigeánach, sa teach tábhairne áitiúil, a raibh an-bhlasta! Ní raibh muid ag súil le bia fheoilséantach deas i mbaile beag i gCiarraí Theas. Níor d’fhan muid fada sa bhaile, bhí achar mór le clúdaigh againn chun ár gcéad suíomh campála a aimisú.
D’fhag muid an Coireán tar éis uair a chloig. Tháinig an aimsir isteach orainn nuair a d’fhág muid. Deirtear, ón Coireán go dtí Cathair Dónall, go bhfuil ceann de na radharcanna is fearr ar an slí, go hairithe de na Scealaga. Ach ní fhaca muid tada. Seo muid ag lorg radharc de na Scealaga.
N’fheadar, beidh radharc eile ag an bPaorach, mar a deir an nuafhocail…
Lean muid ar aghaidh agus dea-aoibh orainn, in ainneoin na haimsire. Shroich muid Cathair Dónall thart ar seacht a gcloig. Bhí sé ag cur báisteach anois agus bhí muid fluich báite. Chonaic muid teach tábhairne le scáth-binse taobh amuigh. Áit iontach le ár gceapairí ┐cupán tae. Chuaigh Ciara isteach sa teach tábhairne chun dhá cupán tae a fáil. Tháinig sí ar ais le ceann amháin, bhí cliseadh ar an chumarsáid leis an fear beáir. Mar sin de roinn muid an cupán tae agus sábháil muid €2.75. Rinne muid plean ansin. I bhfad níos éasca pleanáil nuair a bhí cupán tae againn, nó fiú leath cupán tae. Bhí mé an-fluich agus ag mothú tuirseach anois. Bhéinn ag insint bréaga nach trasnaigh sé m’intinn, fanacht sa brú áitiúil i gCathair Dónall. Seans go rachaidh an aimsir in olcas, agus bhí mé buartha nach bheadh áit thirim don puball.
Lámhachadh an smaoineamh sin go tapa go leor nuair a dúirt Ciara, “seans ar bith, tá muid ag campáil!” Ar aghaidh linn mar sin! Nuair a d’fhág muid Cathair Dónail, bhí léiriú scála den ghrianchóras. Bhí macasamhail miotal den Grian agus na bplainéad ar sheanbhóthar ime stairiúil. Tá an Ghrian scálaithe ag 30 orlach agus léirítear gach pláinéad ar scála ag a achar iarbhír ón nGrian. Bhain muid fíor-shult as gach pláinéad a aimsiú. Tá sé deacair an scála den ghrianchóras a thuiscint.
Bhí na bplainéid carraigeach, muid féinig san áireamh, Mearcair, Véineas, An Domhan, ┐Mars, ar fad laistigh de 150 méadar ón nGrian. Tá muid chomh cóngarach i gcomparáid leis na bplainéad fathaigh gháis. Bhí Lúpatar 438 méadar ón nGrian, is bhí Satarn dhá oiread sin ag suí ag 895 méadar. Bhí macasamhail pláinéid Uránas ┐Neiptiún bocht in easnamh, is dócha gur goideadh nó cailleadh iad. Siúl muid 3.5 ciliméadar sular shroich muid Plútón. Ní haon iontas é nach pláinéad oifigiúil é! Tá sé ró-fhada amach!
Mar leataobh, agus muid ag caint faoin spéir, is aoibhinn liom an Gaeilge ar an réaltra a bhfuil ár ngrianchóras suite — “Bealach na Bó Finne” a tugtar ar. Focail nua domsa i mbliana.
Faoin am seo bhí mé tuirseach agus réidh don leaba. Ní raibh aon suíomh campála feicthe againn go fóill. Bhí an bháisteach ag dul in olcas agus cheap mé gur mbeidh muid fluich báite don oíche. Lean muid orainn ag féachaint amach, ag scrúdú gach suíomh féideartha. Bhí gach talamh cothrom mar fhéidearthacht. Lean muid orainn, faoin am seo ní raibh mórán suíomh oiriunach. Ní raibh mórán solas fagtha, ach an oiread.
Níl céad campáil fhiáin ar an slí, nó fiú, i bhformhór na n-áiteanna a bheadh tú ag iarraidh in Éireann. Rud nach aontaím leis ar chor ar bith! Tá éad orm ar na dlíthe san Alban agus “an ceart chun fánaíochta” atá acu. Ba chóir nach bhfuil muid ag briseadh an dlí agus muid ag campáil ar Slí Úibh Ráthach.
Bhí muid ag cailleadh giota dóchais agus ag éirí buartha. Bhí sé ag druidim ar a hocht a chlog nuair a chonaic muid suíomh dochreidte! Áit foscadh i measc na gcrann, an talamh fiú tirim! Bhí sí foirfe. Bhí gach aon áit eíle cluidaithe thar brat ceo. Níor thóg sé fada an phobal a chur suas, na bróga a bhaint, agus léim isteach sna malaí codlata.
Lá 2
D’éirigh muid leis an Ghrian. Mar is gnách leis an campáil, tá sé aosáideach éirí leis an chéad solas. Bhí thart ar 11 ciliméadar go dtí go shroich muid an tSnaidhm. Is dócha bhí mé féinig ag smaoineamh ar caife blasta sa sráidbhaile beag amach romhainn.
Bhí brat drúchta ar na bplandaí agus ar bharr an fhéir. Bhí na líontáin damhán alla san aiteann clúdaithe le braoiníní drúchta. Saghas draíochtúil a bhí ann, agus muid fós ag duiseacht. Nuair a chonaic mé an comhartha — “Fainic ar an tarbh”, le cuma nua air freisin, mhúscail mé go gasta! Ach buíochas le Dia ní fhaca muid an bheithíoch.
Beagnach thóg muid an fearas caife linn, an mheilteoir, an sornóg, an ghrúdaire ┐pónairí úra gan dabht! Faoi dheireadh ní raibh an spás sa mala againn, da bharr go raibh an pubaill sách mór. Ní pubaill ceart tréshiúlóid a bhí i gceist leis i ndáiríre, ro-throm. Bhí an fearas caife a cronú ar an slí go dtí an tSnaidhm.
Shroich muid an tSnaidhm thart ar a haon déag a chlog. An chéad stad ná isteach sa leithreas poiblí go práinneach, a bhí oscailte. Cúpla réalt le haghaidh an bhaile cheana féin! An dara stad ná cothú! D’aimsigh muid caifé beag gleoite; an chuma ón taobh amuigh go mbeadh cupán tae ┐bonnóg bhreá úr ar fáil. Níor ligeadh síos muid. Féach cé chomh sásta is atá aghaidh Ciara!
Jellies babies and rollóg aráin sa siopa, bhí muid réidh le fágáil. Faoin am seo bhí spuaiceanna ag éirí ar úll na coise, don bheirt againn. Chonaic muid siopa poitigéara nuair a bhí muid ag fagáil an sráidbhaile. Rinne muid an rud sheiftiúil agus cheannaigh muid greimlín spuaiceanna. Bhí ionadh orm nuair a chonaic mé an chostas, naoi euro!
An chéad baile eile, an Neidín, 34 ciliméadar. An sprioc na suíomh campála áit eigean cogarach. Ceapaim de bharr na brogaí, cosa, agus stocaí fluich an lá cheana, bhí na cosa ag fulaingt, cé go raibh muid ach sa dara lá. Stop muid dhá ciliméadar taobh amuigh den tSnaidhm chun sos cosa a glacadh. Chuir mé féinig dhá gremlín ar bharr mo chosa. Bhí Ciara san bhád céanna.
Ciliméadar nó dhó tar éis an sos chosa, thug muid cuairt ar dánlann. Bhí sí suite direach ar an slí, agus bhí cúpla comhartha romihe ag fógraíoch an fad (míchruinn!) go dtí an láthair. Deis leithris sibhialta a bhí ann freisin … caithfidh tú gach seans a ghlacadh agus tú i mbun tuaras mar seo nó …
Bhí an dánlann deas. Bhuail muid leis ceann de na úinéirí lasmuigh, féar ana-lách. Clann de cúigar ealaíontóir a bhúnaigh an dálann. An féar a bhuail much leis, rinne sé cadhc agus bád seoil as adhmaid. Cheap mise go raibh siad go hálainn.
Bhí a fhios againn go mbeadh seo an lá leis an ardas is lú. Ní raibh aon sliebhte sa bealach i dtreo an Neidín. Bhí an siúlóireacht socair agus réchúiseach, is muid ag baint taitneamh as aimsir i bhfad níos fearr ná an lá inné. Bhí radharc mórthaibhseach de leithinis Bhéarra i gconaí ar an taobh clé. D’aimsigh muid na sméara dubha is mó a fhaca mé raibh i mo shaol. Féach ar Ciara don lánscála.
Shroich muid an Teampall Nua thart ar a cúig. Tugadh rabhadh dúinn faoin cuid seo den slí go raibh píosa ar an phríomhbhóthair. Bhí súil againn nuair a shroich muid an teach tabhairne “Spillane’s Bar”, go bhfaighimis béile blasta, ach bhí sé dúnta ar oíche mháirt mar a fuair muid amach an bhealach crua. Ina theannta sin, fuair mé amach cúpla lá tar éis an slí a chríochnú go raibh an fhoireann Ciarraí ansin le Chorn Sam Mhic Uidhir ag ceiliúradh an lá dar gcionn. Thóg muid suíochán lasmuigh den teach tabhairne dúnta, agus rinne muid pléan úrnua. Shocraigh muid siúl síos an príomhbothar ar feadh cupla cillemedar go dtí an céad teach tabhaire eile ar an léarscáil.
Droch chinniú amach is amach a bhí ann. Bhí sé comh scanrúil siúl ar an phríomhbothar. Faoi dheireadh, agus muid fós beo, shroich muid an sproic. Níor thuig muid ón léarscáil, gur bialann suite taobh istigh de eastát galánta a bhí i gceist, chomh maith leis an phíosa talún úaine a raibh mar ionad campála féideartha.
Dhiúltaigh siad tábla dúinn, duireadh linn go raibh gach tábla curtha in áirithe. Cheap muid gur diúltódh dá bharr an chuma neamh-chóirithe a bhí orainn. Ní chuirfinn aon milleán orthu chun an fhírinne a rá. Sular bhfuair muid ar áis ar an slí, fuair muid pionta lágair dea-bhlasta.
Ar aghaidh linn, gan dinnéar, ach bhí go leor smailc agus greim le hithe againn go mbheimis togha go dtí an maidín. Ar ais ar an phríomhbóthar le haghaidh cúig chéad méadar. Bhí mé sásta slán a rá leis ndiaidh, an píosa is measa den slí go dtí seo gan dabht. Faoi am seo, bhí an Ghrian ag dul a luí gan mhoill. D’aimsigh muid suíomh campála oiriúnach le radharc álainn. Tearmann Idirnáisiúnta (Stádas Órga) Spéire Dorcha Chiarraí is ea cuid mhór d’Uibh Ráthach. Bhí mé ag súil go mór le roinnt réaltóireacht a dhéanamh, ach bhí mé ró-thuirseach.
Lá 3
Ceantar sceirdiúil ba é an áit a raibh an phubaill. Bhí an tádh orainn gur oíche suaimhneach a bhí ann. Thóg an ceathair chiliméadar go dtí an Neidín tamall fhada. Bhí na cosa ag fulaingt, agus na spuaiceanna ag méadú. Bhí muid an-sásta an Neidín a bhaint amach. Nó an caife a bhaint amach, ba chóir dom a rá! Fuair muid dhá cappuccino mór, císte cairéid ┐bonnóg cainéal ullmhór. Ba ghéar a theastaigh an caife sin uainn. Níl mé ag magadh nuair a deirim gur cheann de bhuaicphointí an turas a bhí ann.
Cheannaigh muid pianmhúchán sa siopa poitigéara, bhí sé de dhíth le aghaidh na cosa. Bhí na spuaiceanna ag dul in olcas agus ag cur isteach orm. Bhí Ciara mar an cearna. Den chéad uair i mo shaol, bhí aiféala orm faoi bróga cosnochta. Le spuaiceanna ar mo chosa bhí an pian cinnte níos measa.
D’fhág muid an Neidín dhíreach tar éis a naoi, d’fhan muid go dtí gur oscail an siopa potigéara ag a naoi chun na pianmhúchán a cheannaigh. Bhí roinnt plé ann ar chóir dúinn fanacht, ach an cinniú ceart a bhí ann! Bhí bótharín le fána réidh a thóg muid go dtí Páirc Náisiúnta Chill Airne. Bhí radharc álainn againn, chuma fiáin ar an cheantar mór fairsing. Bhí fálú suas i ngach áit chun na fianna a coimeád amach. Is trua é na bhfuil na mactíre ann in Éireann, no fiú in ár bpáirceanna náisiúnta.
Shroic muid an casadh ar dheis go dtí Cill Airne. Do formhór na siúlóirí, bheidhís ag casadh insteach go dtí Cill Airne le haghaidh an stáir dheireanach. Ach bhí muidne nach mór leath bealach tríd, agus muid ag dul ar ais go dtí Cathar Saidhbhín.
Bhí lón Lidl againn, mar a ghlaoim ar, lasmuigh de teachín Lord Brandon. Leis an chuma a bhí orainn i measc na dturasóirí ar fad, sheas muid mar a bheadh éan corr ann.
Ag tosú isteach go dtí Com Uí Dhuibh, chothaigh smaoineamh seiftiúil i mo inchinn. Chonaic muid léarscáil de na céad dá staid eile, an Com Uí Dhuibh go dtí Gleann Chárthaigh, ┐an Gleann Chárthaigh go dtí Gleann Beithe, ní raibh siad ach 21 ┐18 ciliméadar, faoi seach. Cheap mise go raibh níos mó le dul againn. Ní raibh Cathair Saidhbhín ach b’fhéidir 30 ciliméadar eile ón Gleann Chárthaigh. Ó thús cheap muid go raibh an slí (lúide an ghiota isteach is amach ó Cill Airne) thart ar 200 ciliméadar. Mar sin de, má shiúlann muid ceathracha ciliméadar in aghaidh an lae, bheimis togha críochnú i gcúig lá. Ach leis an eolas nua seo, ní raibh ach timpeall 170 ciliméadar san iomlán. Chiallaigh sé sin, dá bhféadfaimis 20 ciliméadar eile a dhéanamh inniu, seans nach mbeidh ach lá amháin fágtha in ionad dhá lá. Níor chuir mé mo smaoineamh sionnachúil in iúl go fóill do Ciara, mar níor chreid mé an léarscáil.
Léanann an slí dhíreach taobh thiar de Corrán Tuathail agus na Cruacha Dubha. Tháinig an aimsir isteach orainn ag dreapadh suas talamh creagach chun col na mBraighde a bhaint amach.
Tuaiplis mór é nach chuir muid ár gcuid éadaí báistí orainn roimh an dreap. D’aimisigh muid foscadh taobh thiar de bollón mór ar bharr, chun níos mo éadach a chur orainn agus barra próitéine Lidl. Ba mheabhrú maith é ar cé chomh neamhthrócaireach is féidir leis na sléibhte a bheith.
Bhí tuiarseach orm ag teach thíos go dtí gleann na mBraighde, bhí mé fliuch báite agus conáilte leis an fhuacht. Ní raibh an lá críochnaithe linn go fóill, lean muid ar aghaigh go dtí an chéad dreapadh eile, ar bhóthar na Lice, an sean bearnas ó Gleann na mBraighde go dtí Cill Orglan. Slí fiarlánach suas an cnoc ba é. Bhí na cosa ag dul in olcas faoi am seo, na spuaiceanna ag meadú an t-am ar fad. D’ith muid dinnéar Lidl deas ar barr, cáis ┐arán, is Jelly Babies mar milseog.
Faoin am seo, dearbhaigh muid fad an tslí go dtí Gleann Chárthaigh. Ní raibh muid cinnte fós faoi Gleann Chárthaigh go dtí Cathair Saidhbhín ach bhí mé cinnte nach raibh sé níos faide ná 30 ciliméadar. Siúil muid ar aghaidh go spadánta. Bhí mise spíonta, ach sásta go mbeidh muid críochnaithe i gceann ceithre lá in áit cúig lá. Tár éis cupla ciliméadar eile shroic muid foraois. Bhí Ciara ag iarraidh leanúint ar aghaidh, ionas go raibh daichead a dó ciliméadar déanta againn ach bhí mo chosa críochnaithe. D’aimsigh muid suíomh campála breá foscúil san foraois.
Lá 4
Bhuail an t-aláram ag leath uair tar éis a cúig. Bhí lá fada romhainn. Ar a laghad 45 ciliméadar go dtí cith and leaba ceart. Bhí coladh suaimhneach agam, ach ní feadhfaidh Ciara an rud cearna a rá, ar an dhrochuair. Bhí muid ag tnúth le leithris i mBrú Gleann an Chairthe, ach ní raibh sé ar oscailt ag a sé a chlog ar maidin, samhlaigh sin. Bá bothar é an tslí den cuid is mó ó Gleann an Chairthe, leis a lán caora ar. Fuair muid amach an bealach chrua an brí atá i gceist leis an ainm “Bearna na Gaoithe” ar an bearnas isteach go dtí Gleann an Chairthe.
Shroich muid Gleann Chárthaigh ar leathuair tar éis a deich, fliuch báite agus caife ag teastáil uainn san siopa caife Emilie’s. Bhí drochbhail ceart orainn. Bhraith sé go raibh lá mór déanta againn agus an siúlóid críochnaithe againn, ach bhí 30km le dul againn fós. Bhí muid ag tabhairt garchabhair do na cosa agus ag téarnamh taobh amuigh den siopa caife, le cappuccino le bainne coirce, donnóg sheacláide, ┐croissant almóinní. Is bonnóg cainéal le tabhairt linn.
Ní raibh siopa poitigéara ar fáil i nGleann Chárthaigh, ach bhuail muid le fear an-chineálta taobh amuigh den chaifé a bhí ag déanamh an tslí ag glacadh lá scíthe. Ghlac sé trua dom agus thug sé dhá greimlín spuaiceanna dom. Gan a chineáltas, ní bheadh mé in ann leanúint ar aghaidh. Ar aghaidh linn →
Ní raibh ach 30 ciliméadar fágtha, ach bhí muid scriosta agus bhí gach matán tuirseach. Ag fágail Gleann Chárthaigh, chuaigh an tslí tríd foraois deas ghlas.
Ar an slí lean muid comhartha an fhear buí go díograiseach. Ní raibh muid callite fiú uair amháin. Le linn an slí chonaic muid comhartha i gcoir Slí Úibh Ráthach ┐Slí Úibh Ráthaigh.
Ní bhfuair mé amach cén ceann a bhí i ceart go dtí cúpla lá tar éis dúinn críochnú. Tá an freagra i sliocht a thabhairt ó údair ar leabhair darbh ainm ‘Uí Ráthach: ainmneacha na mbailte fearainn sa bharúntacht’, a foilsíobh sa bliain 1954 — “Sa chaint anois, ámh, fiú ag na Gaeilgeoirí is sine, is Uíbh Ráthach an fhuirm sheasamhach d’ainmneach, cospórach agus tabharthach, ach d’fhás geinideach nua .i. ‘muintir Uíbh Ráthaigh’, ‘Cathair Uíbh Ráthaigh’ srl.- rud atá bun os cionn le gach riail gramadaighe.”
Lean an slí suas seanbhóthar ime. Bhí radharc draíochtúil againn ar Bá an Daingin ┐Corca Dhuibhne. Bhí sé ar cheann de na radharcanna is fearr ar an slí.
Bhí an giota deireanach den slí obair mhaslach. Shiúl muid de chosa troma chuig Cathair Saidhbhín. Nuair a shroich muid an t-acomhal isteach go Cathair Saidbhín, an áit a d’fhág muid ceithre lá, agus thart ar 162 ciliméadar ó shin, ní raibh fada le dul againn. Mar a rinne muid an tslí ar fad chuir muid cos amháin os comhair an chos eile.
Shroich muid an Bóthar Clochach isteach go dtí Cathair Saidhbhín thart ar a hocht a clog, sriosta ach sásta!
Achoimre:
Thug mé cuidiú do Ciara iarracht SP a bhaint amach I mí na Bealtaine, i bPáirc Mharlaí. Ba Parkrun uimhir 52 domsa, ⁊ 88 le haghaidh Ciara.
Thosaigh mé ag déanamh Parkrun trí bhliain ó shin, an chéad cheann i bPáirc Mharlaí. Ní raibh clú dá laghad agam cad a bhí i gceist leis, ⁊ cinnte ní raibh sé i gceist agam níos mó ná ceann amháin a dhéanamh. Cheap mé amháin gur slí mhaith m’am is fearr do rith 5km a fháil amach- ⁊ b’in é! Ach, iontas na n-iontas bhain mé fíorthaitneamh as, ⁊ bhí mé ar ais an chéad choicís dár gcionn, ag an am doshéanta sin ar maidin Dé Sathairn, leath uair tar éis a naoi, i bPáirc Mharlaí. An tríú mhaidin Dé Sathairn ina dhiaidh sin, bhí mé mar thurasóir Parkrun, ag déanamh Parkrun Glasbhealaigh Acla i gContae Mhaigh Eo — gafa go hiomlán leis.
Tháinig mé ar ais… arís ⁊ arís eile, formhór an ama le Ciara ⁊ a clann. Spreag an Parkrun athair Ciara chun tabhairt faoin rith. Níor rith sé 5km riamh ina shaol, ⁊ anois tá sé ag tabhairt faoi rás 10km i gCorcaigh i mí an Mheithimh — dochreidte!
Is aoibhinn liom an Phobal Parkrun. Tá atmaisféar pobail fíor-láidir ann, spreagtar daoine le chéile, lucht oibre deonacha chomh cineálta sin, ⁊ gach aoisghrúpa ag glacadh páirte. Tá an-mheas agam ar na daoine a thugann a gcuid ama pearsanta mar oibrithe deonacha gach maidin Satharn, stiúrthóir an rása, na maoir ama, na maoir ar an chúrsa, srl…
An maidin Satharn seo, bhí Ciara ag tabhairt faoi SP a bhaint amach. Bhí sí ag iarraidh an bhacainn trí nóiméad is fiche a bhriseadh.
Bhí Ciara ag díriú ar an SP le cúpla seachtain anuas, is iomaí traenáil a rinne sí. Tosaigh muid ag tosach an tslua, ⁊ nuair a shéid stiúrthóir an rása an bonnán, ar aghaidh linn ar nós na gaoithe! Bhí post tábhachtach agam mar an séadaire. Chaith mé uaireadóir Garmin Ciara, bhí a tuaireadóir níos cruinn ná mo cheann féin. Ní raibh cead aici a luas a fheiceáil,⁊ níor inis mé di a luas le linn an rith. Choinnigh mé súil ghéar ar an uaireadóir an t-am ar fad.
Thosaigh muid go láidir, an sprioc luas na 4:35 in aghaidh an chiliméadair. Bhí an luas sin togha le haghaidh an chéad dhá chiliméadair. Bhí rud éigin deas faoin thaithí ⁊ eolas a bhí againn ar ráschúrsa Parkrun Mharlaí. Bhí aithne agam ar gach fána, casadh, ⁊ lúb sa chúrsa. ⁊ an rud is tábhachtaí, cé chomh fada a bhí fágtha. Leis an réamheolas, bhí a fhios agam go díreach cathain an t-umar a fholmhú, bhuel sa chás seo, umar Ciara!
Bhí muid ar an bhóthar ceart, ach bhí chiliméadair 3 ⁊ 4 anróiteach, deacair ⁊ crua. Bhíomar cúpla soicind os cionn an ama: 4:39 ⁊ 4:42 i gciliméadar 3 ⁊ 4. Ach bhíomar in ann ráib le haghaidh an cheann dheiridh, go hairithe nuair a dúirt mé le Ciara go raibh an SP idir dhá cheann na meá. Rinne sí dianiarracht dul chomh sciobtha is gur féidir.
Thrasnaíomar an líne dheireanach gan mórán fágtha san umar, bhain Ciara an sprioc amach, am iontach aici — 22:35! Bhí sí ar mhuin na muice! Bhris sí a SP ina smidiríní. Bhí sí ar bís — ⁊ mise chomh bródúil aisti. Rith sí 22:35, am dochreidte ⁊ dodhéanta, níos gasta na a samhlaíochta féin nuair a thosaigh sí ag tógáil an rith dáiríre ón gcéad Parkrun — os cionn trí bliain ó shin.
Bhí Ciara tuirseach traochta ina dhiaidh, ⁊ rith gasta a bhí ann domsa freisin. Tá sí ar mo thóir anois! Bhí cupán caife tuillte go maith againn, mise ag íoc, mar a gheall mé dá mbrisfeadh Ciara a SP, Ach ní raibh mé riamh chomh sásta dhá báinín coirce a cheannach, bhí siad tuillte!
Slán go fóill — go dtí an chéad Parkrun eile!