Bí i do rannpháirtí gníomhach maidir le beartais Eorpacha a mhúnlú agus comhroinn do chuid tuairimí linn. Féach thíos na bealaí ar féidir leat cur leis an smaointeoireacht faoinár mbeartais agus faoi na bealaí a n-oibrímid.
Cuir in iúl dúinn cé na rudaí atá tábhachtach duitse!

Cloisimis uait maidir le beartais an Aontais atá ar na bacáin agus maidir leis na dlíthe atá ann cheana a shimpliú.

Smaointe a mholadh nó tacú le smaointe le haghaidh rialacha nua don Aontas.

Glac páirt sa díospóireacht agus bí i dteagmháil leis na saoránaigh maidir le saincheisteanna a mbíonn tionchar acu orainn go léir.
I lár an aonaigh: Cuidigh chun beartais an Aontais a mhúnlú – i do theanga féin!

Tríd an ardán ‘Comhairliúcháin Phoiblí agus Aiseolais’, is féidir le saoránaigh, gnólachtaí agus eagraíochtaí a dtuairimí a chomhroinnt maidir le Glaonna ar Fhianaise, tograí reachtacha, agus tuilleadh nach iad.
Ceann de na láidreachtaí is mó atá ag an ardán is ea a thiomantas láidir don ilteangachas. Sa lá atá inniu ann, tá beagnach 85% de na comhairliúcháin phoiblí ar fáil i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais. Agus tá ag éirí leis sin: fágtar 35% níos mó tuairimí le doiciméid aistrithe ná le leaganacha Béarla amháin.
Lena chois sin, tá gné nua meaisínaistriúcháin tugtha isteach ag an gCoimisiún. Fágann an uirlis sin go mbíonn úsáideoirí in ann tuairimí agus páipéir sheasaimh a léamh ina dteanga féin, rud a bhaineann bacainní teanga de agus a chothaíonn idirphlé fíor-Eorpach. Anois is féidir le gach saoránach páirt a ghlacadh i mbeartais an Aontais, beag beann ar a dteanga.
Tuilleadh eolais

Is tairseach aonair é Comhairliúcháin Phoiblí agus Aiseolas (ar a dtugtaí ‘Cloisimis Uait!’ roimhe seo) do shaoránaigh agus do pháirtithe leasmhara chun gur féidir leo a dtuairimí a thabhairt maidir le tionscnaimh an Choimisiúin agus cur leis an bpróiseas cinnteoireachta. Tá an Coimisiún tiomanta éisteacht le tuairimí na saoránach agus na bpáirtithe leasmhara maidir le dlíthe agus beartais an Aontais, nuair a bheidh siad á n-ullmhú agus nuair a chuirfear i bhfeidhm iad araon. An comhairliúchán poiblí maidir le Cosaint leanaí – córais chomhtháthaithe nó an t-aiseolas faoi rialacha an Aontais maidir le cearta íospartach, sin samplaí den rannpháirtíocht sa phróiseas cinnteoireachta.

Trí úsáid a bhaint as an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, is féidir le saoránaigh an Aontais iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach reachtaíocht a mholadh maidir le hábhair atá faoi réim a inniúlachtaí. Ní mór do thionscnamh aon mhilliún síniú bailí ar a laghad a bhailiú. Ó tugadh isteach é in 2012, seoladh breis agus 100 tionscnamh agus thacaigh thart ar 18 milliún saoránach den Aontas le tionscnamh. Bhí tionchar ag tionscnaimh ar éirigh leo ar thograí reachtacha ón gCoimisiún maidir le hábhair amhail rochtain ar uisce óil nó spriocanna éigeantacha a leagan síos chun úsáid lotnaidicídí ceimiceacha a laghdú.

Is spás tiomnaithe é Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach do shaoránaigh chun páirt a ghlacadh i bplé ar an leibhéal Eorpach maidir le tograí tábhachtacha de chuid an Aontais atá ag teacht aníos agus a bhfuil tionchar acu orainn ar fad. Ó thaobh an Choimisiúin Eorpaigh de, bímid ag iarraidh fáil amach faoi thuairimí na saoránach go luath agus tionscnaimh bheartais nua á ndréachtú againn. Déanfaimid measúnú ar na smaointe agus na tograí atá á gcur ar aghaidh agus ar na freagairtí ó shaoránaigh eile, agus déanfaimid an measúnú sin a chur san áireamh agus ceapadh ár dtionscnamh beartais á chur chun cinn againn.
Ardán Rannpháirtíochta Leanaí an Aontais

Is spás é Ardán Rannpháirtíochta Leanaí an Aontais le haghaidh idirphlé leis na saoránaigh is óige den Aontas chun a nguthanna a chur i gcuntas i gceapadh beartas ar leibhéal an Aontais. Bhunaigh an Coimisiún Eorpach é i gcomhar le Parlaimint na hEorpa agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta.
Is féidir le leanaí uile an Aontais páirt a ghlacadh i gcomhairliúcháin ar líne, agus a luaithe a bheidh siad ina mbaill féadfaidh siad páirt a ghlacadh in agallaimh, i ngrúpaí fócais, i gcruinnithe ar líne agus as líne freisin. Tá cead cainte acu freisin maidir le treo agus cur chun feidhme ghníomhaíochtaí an Ardáin, comhchruthú an tsuímh ghréasáin agus gnéithe cumarsáide.
