Clár d’Iriseoirí Óga an Aontais 

 

Is tionscnamh suaitheanta de chuid Pharlaimint na hEorpa é an Clár Oiliúna d’Iriseoirí Óga Eorpacha arb é is aidhm dó cumas iriseoirí luathghairme ar fud an Aontais a neartú chun tuairisciú ar ghnóthaí Eorpacha le heolas agus cruinneas níos fearr, agus neamhspleáchas eagarthóireachta á chosaint ag an am céanna.
Tá an clár bunaithe ar dhá mhodúl chomhlántacha:

  • Eagraítear an chéad cheann i mBallstáit an Aontais, trí eagraíochtaí meán náisiúnta agus réigiúnacha amhail gníomhaireachtaí preasa nó comhlachais iriseoireachta. Tugann na seisiúin oiliúna sin forléargas cuimsitheach do rannpháirtithe ar an Aontas agus ar a chuid institiúidí, gan dearmad a dhéanamh den chomhthéacs náisiúnta. Cuireann siad uirlisí praiticiúla ar fáil freisin chun feabhas a chur ar thuairisciú ar ábhair chasta Eorpacha. Roghnaítear eagraíochtaí rannpháirteacha trí nósanna imeachta soláthair phoiblí lena n-áirithítear sláine eagarthóireachta agus éagsúlacht ar fud na dtíortha. Tá na sonraí uile a bhaineann leis na nósanna imeachta roimhe seo ar fáil go poiblí chun trédhearcacht iomlán a chinntiú (e.g. Glao ar thairiscintí 2022 - Toradh; Glao ar thairiscintí 2023Toradh).
  • Tá an dara modúl á óstáil ag seirbhísí preasa Pharlaimint na hEorpa sa Bhruiséil, áit a nglacann rannpháirtithe páirt i gclár saibhir ceardlann, cuairteanna treoraithe agus seisiúin faisnéise théamacha. Buaileann siad le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa, le hurlabhraí AE , le comhfhreagraithe atá lonnaithe sa Bhruiséil, agus le príomhghníomhaithe eile cumarsáide ar an leibhéal Eorpach, agus bíonn deis acu freisin faigh amach faoi shaoráidí preasa agus saoráidí closamhairc na Parlaiminte. Le seisiúin phraiticiúla maidir le conas aghaidh a thabhairt ar an mbréagaisnéis, ar tháirgeadh ilmheán, agus ar thrédhearcacht institiúideach, comhlánaítear an plé le FPEnna maidir le príomhchomhaid bheartais amhail an Comhaontú Glas don Eoraip, buiséad fadtéarmach an Aontais, nó an Gníomh Eorpach um Shaoirse na Meán.
  • Áirítear leis an gclár cuairteanna ar an láthair ar an gCoimisiún Eorpach agus ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, rud a thugann léargas iomlán do rannpháirtithe ar a dtarlaíonn as radharc an phobail maidir le héiceachóras cumarsáide institiúideach an Aontais.

Trí thuairisceoirí óga ó Bhallstáit éagsúla a thabhairt le chéile, spreagann sé comhar iriseoireachta trasteorann freisin.

Tríd an gClár Oiliúna, athdhearbhaíonn Parlaimint na hEorpa a tiomantas tacú leis an iriseoireacht ghairmiúil agus le ról na meán neamhspleách mar bhunchloch an daonlathais ar fud an Aontais a threisiú.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, déan teagmháil linn trí ríomhphost ag: EP-media-training@europarl.europa.eu