Ár gcáilíocht saoil a choinneáil ar bun: slándáil bia, uisce agus an dúlra Forléargas Tá cáilíocht saoil na hEorpa ag brath ar sholáthar slán inacmhainne bia áitiúil ar ardchaighdeán. Tá an bia is sláintiúla agus den chaighdeán is airde ar domhan againn, a bhuíochas dár bhfeirmeacha agus don earnáil agraibhia i gcoitinne. Oibreoidh an Coimisiún Eorpach chun a chinntiú go mbeidh an fheirmeoireacht fós ina cuid lárnach de dhóigh bheatha na hEorpa agus beidh sé mar aidhm aige borradh a chur faoi inbhuanaitheacht agus iomaíochas ár ngeilleagair ghoirm.Beidh sé sin fite fuaite le cosaint ár ndomhan nádúrtha, áit a bhfuil cónaí ar go leor Eorpach agus ar taitneamhacht thábhachtach é, agus é ríthábhachtach chun ár n-aeráid a rialáil agus chun slándáil bia agus uisce a chinntiú. Is acmhainn chothrománach é an t-uisce atá riachtanach don táirgeadh bia, don tsláinte, don bhonneagar, do chosaint na n-éiceachóras agus don gheilleagar ina iomláine. De réir mar a fhoghlaimímid maireachtáil le tionchair ár n-aeráide atá ag athrú, déanfaimid cinnte go leanfaimid orainn ag oiriúnú do na dúshláin a thagann chun cinn agus a bheith níos ullmhaithe dóibh.Léargas ar na figiúirí 9 milliúnlíon na bhfeirmeacha san Aontas EorpachNíos mó ná 17 milliúnlíon na ndaoine atá ag obair in earnáil na talmhaíochta san Aontas€650 billiúncostas na nguaiseacha nádúrtha san Aontas ó 1980 go 2022 (ar tháinig thart ar 16% acu chun cinn in 2021-22) Cuspóirí Le linn shainordú an Choimisiúin idir 2024 agus 2029 agus chun ár gcáilíocht saoil a chothú, déanfaimid an méid seo a leanas: Córas talmhaíochta agus bia atá iomaíoch athléimneach a thógáil agus an bhithéagsúlacht a chosaintchun tacú lenár bhfeirmeoirí agus chun ár mbia sláintiúil a chosaintOiriúnú agus ullmhú d’aeráid atá ag athrúchun a bheith ullamh agus cabhrú leo siúd atá thíos leis An chaoi a mbainfimid ár gcuspóirí amach Chun cáilíocht saoil shaoránaigh an Aontais a chothú, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas: Córas talmhaíochta agus bia atá iomaíoch athléimneach a thógáil agus an bhithéagsúlacht a chosaint Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:fís le haghaidh na talmhaíochta agus an bhia a chur i láthair chun iomaíochas agus inbhuanaitheacht fhadtéarmach ár n-earnála feirmeoireachta a chinntiúa chinntiú go ndíreofar ar bhuiséad an Aontais agus ar chomhbheartas talmhaíochta an Aontais, agus go mbeidh an chothromaíocht cheart ann idir dreasachtaí, infheistíochtaí agus rialáiltacú le feirmeacha teaghlaigh agus cur ar chumas feirmeoirí a gcuid talún a oibriú gan rómhaorlathasluach saothair a thabhairt d’fheirmeoirí a oibríonn leis an dúlra, a chaomhnaíonn an bhithéagsúlacht agus éiceachórais nádúrtha agus a chuidíonn lenár ngeilleagar a dhícharbónútacú le hiomaíochas ár slabhra luacha bia ina iomláine trí infheistíocht agus nuálaíocht ar fheirmeacha, i gcomharchumainn, i ngnólachtaí agraibhia agus in FBMannabiafhlaitheas na hEorpa a chosaint, an t-iascach inár bpobail chósta ina measccomhshocrú Eorpach um an aigéan a mholadh lena gcuirfear borradh faoin ngeilleagar gorm agus lena gcinnteofar inbhuanaitheacht ár n-aigéanslándáil uisce na hEorpa a neartú agus iomaíochas thionscal uisce an Aontais a chur chun cinn trí straitéis athléimneachta Eorpach maidir le huisce a chur i láthairobair a dhéanamh ar dhreasachtaí le haghaidh gníomhaíochtaí atá dearfach ó thaobh an dúlra de agus ar infheistíochtaí príobháideacha sa dúlra, go háirithe trí chreidmheasanna dúlra a fhorbairtoibriú chun ár ngealltanais idirnáisiúnta i dtaca leis an mbithéagsúlacht a chomhlíonadh, cuir i gcás na gealltanais a tugadh i gComhaontú Kunming Montréal Borradh a chur faoin oiriúnú don athrú aeráide, ullmhacht agus dlúthpháirtíocht Ceann de na rioscaí is mó dár slándáil is ea tionchar an athraithe aeráide. Sin é an fáth go ndéanfaimid an méid seo a leanas:oibriú i dtreo sásra Eorpach um chosaint shibhialta, muid ag breathnú ar gach gné de bhainistiú géarchéime agus tubaistí, chomh maith le hathléimneacht an phobail a fhorbairtdlús a chur leis an obair maidir le hathléimneacht agus ullmhacht i leith an athraithe aeráideplean Eorpach um oiriúnú don athrú aeráide a fhorbairt, chun tacú leis na Ballstáit i dtaca le hullmhacht agus pleanáil agus chun measúnuithe riosca rialta eolaíochtbhunaithe a chinntiú An dul chun cinn go dtí seo Déan monatóireacht ar dhul chun cinn tionscnamh nua, dlíthe atá beartaithe agus athruithe reachtacha faoin tosaíocht seo, lean iad, agus coinneáil cothrom le dáta leo Mí Dheireadh Fómhair 2025Cuireadh straitéis i láthair chun tacú le hathnuachan ó ghlúin go glúin sa talmhaíocht chun bia, feirmeoireacht agus todhchaí thuaithe na hEorpa a chinntiúLúnasa 2025Ghlac an Coimisiún a thogra maidir le deiseanna iascaireachta 2026 do Mhuir BhailtIúil 2025Leag an Coimisiún síos sprioc aeráide 2040 an Aontais maidir le laghdú 90% ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) i gcomparáid le leibhéil 1990Meitheamh 2025Cuireadh i láthair an straitéis Eorpach maidir le hathléimneacht i réimse an uisce chun feabhas a chur ar shlándáil uisce le haghaidh daoine, an gheilleagair agus an chomhshaoilGlacadh comhshocrú Eorpach um an aigéan chun an t-aigéan a chosaint níos fearr, geilleagar gorm rathúil a chur chun cinn agus tacú le folláine daoine atá ina gcónaí i limistéir chóstaMárta 2025Gheall an tAontas €3.4 billiún chun droch-chothú domhanda a chomhracTaispeáin 1 de ní eileFeabhra 2025Chuir an Coimisiún i láthair a fhís le haghaidh na talmhaíochta agus an bhia I lár an aonaigh Todhchaí thalmhaíocht an Aontais a fhorbairt agus béim ar leith a leagan ar fheirmeoirí ógaChun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán a bhaineann le daonra atá ag dul in aois sa talmhaíocht san Eoraip, chuir an Coimisiún straitéis i láthair maidir le hathnuachan ó ghlúin go glúin sa talmhaíocht. Is é is aidhm dó tacú le feirmeoirí óga agus níos mó daoine a mhealladh i dtreo na feirmeoireachta, agus é mar aidhm leis sciar na bhfeirmeoirí óga san Eoraip a mhéadú faoi dhó faoi 2040. Sainaithníodh cúig phríomhluamhán chun gníomhaíochta chun é sin a bhaint amach, is iad sin rochtain ar thalamh, airgeadas, scileanna, caighdeáin chothroma mhaireachtála i gceantair thuaithe, agus tacaíocht don chomharbas.Tuilleadh eolais Topaicí gaolmharaTalmhaíocht agus forbairt tuaitheAn fheirmeoireachtPlé Straitéiseach faoi Thodhchaí na Talmhaíochta san AontasGníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh chun slándáil bia an domhain a fheabhsúNa haigéin agus an t-iascachSásra an Aontais um Chosaint Shibhialta Cé atá i gceannasOlivér VárhelyiCoimisinéir um Shláinte agus um Leas AinmhitheWopke HoekstraCoimisinéir um an Aeráid, Glan-nialasacht agus Fás GlanCostas KadisCoimisinéir um an Iascach agus na hAigéinHadja LahbibAn Coimisinéir um Chomhionannas; Ullmhacht agus Bainistíocht GhéarchéimeJessika RoswallCoimisinéir um an gComhshaol, um Athléimneacht i réimse an Uisce agus um Gheilleagar Ciorclach IomaíochChristophe HansenCoimisinéir um an Talmhaíocht agus Bia Tosaíochtaí eile an ChoimisiúinIomaíochasSlándáil agus cosaintCothroime shóisialta EorpachAn daonlathas agus ár luachannaEoraip dhomhandaBuiséad an Aontais agus athchóiriú
Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:fís le haghaidh na talmhaíochta agus an bhia a chur i láthair chun iomaíochas agus inbhuanaitheacht fhadtéarmach ár n-earnála feirmeoireachta a chinntiúa chinntiú go ndíreofar ar bhuiséad an Aontais agus ar chomhbheartas talmhaíochta an Aontais, agus go mbeidh an chothromaíocht cheart ann idir dreasachtaí, infheistíochtaí agus rialáiltacú le feirmeacha teaghlaigh agus cur ar chumas feirmeoirí a gcuid talún a oibriú gan rómhaorlathasluach saothair a thabhairt d’fheirmeoirí a oibríonn leis an dúlra, a chaomhnaíonn an bhithéagsúlacht agus éiceachórais nádúrtha agus a chuidíonn lenár ngeilleagar a dhícharbónútacú le hiomaíochas ár slabhra luacha bia ina iomláine trí infheistíocht agus nuálaíocht ar fheirmeacha, i gcomharchumainn, i ngnólachtaí agraibhia agus in FBMannabiafhlaitheas na hEorpa a chosaint, an t-iascach inár bpobail chósta ina measccomhshocrú Eorpach um an aigéan a mholadh lena gcuirfear borradh faoin ngeilleagar gorm agus lena gcinnteofar inbhuanaitheacht ár n-aigéanslándáil uisce na hEorpa a neartú agus iomaíochas thionscal uisce an Aontais a chur chun cinn trí straitéis athléimneachta Eorpach maidir le huisce a chur i láthairobair a dhéanamh ar dhreasachtaí le haghaidh gníomhaíochtaí atá dearfach ó thaobh an dúlra de agus ar infheistíochtaí príobháideacha sa dúlra, go háirithe trí chreidmheasanna dúlra a fhorbairtoibriú chun ár ngealltanais idirnáisiúnta i dtaca leis an mbithéagsúlacht a chomhlíonadh, cuir i gcás na gealltanais a tugadh i gComhaontú Kunming Montréal
Ceann de na rioscaí is mó dár slándáil is ea tionchar an athraithe aeráide. Sin é an fáth go ndéanfaimid an méid seo a leanas:oibriú i dtreo sásra Eorpach um chosaint shibhialta, muid ag breathnú ar gach gné de bhainistiú géarchéime agus tubaistí, chomh maith le hathléimneacht an phobail a fhorbairtdlús a chur leis an obair maidir le hathléimneacht agus ullmhacht i leith an athraithe aeráideplean Eorpach um oiriúnú don athrú aeráide a fhorbairt, chun tacú leis na Ballstáit i dtaca le hullmhacht agus pleanáil agus chun measúnuithe riosca rialta eolaíochtbhunaithe a chinntiú
Todhchaí thalmhaíocht an Aontais a fhorbairt agus béim ar leith a leagan ar fheirmeoirí ógaChun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán a bhaineann le daonra atá ag dul in aois sa talmhaíocht san Eoraip, chuir an Coimisiún straitéis i láthair maidir le hathnuachan ó ghlúin go glúin sa talmhaíocht. Is é is aidhm dó tacú le feirmeoirí óga agus níos mó daoine a mhealladh i dtreo na feirmeoireachta, agus é mar aidhm leis sciar na bhfeirmeoirí óga san Eoraip a mhéadú faoi dhó faoi 2040. Sainaithníodh cúig phríomhluamhán chun gníomhaíochta chun é sin a bhaint amach, is iad sin rochtain ar thalamh, airgeadas, scileanna, caighdeáin chothroma mhaireachtála i gceantair thuaithe, agus tacaíocht don chomharbas.Tuilleadh eolais
Jessika RoswallCoimisinéir um an gComhshaol, um Athléimneacht i réimse an Uisce agus um Gheilleagar Ciorclach Iomaíoch