Faisnéisiú 
 

Praghsanna arda leasacháin: tuilleadh tacaíochta d’fheirmeoirí 

Dé Máirt, tá an Pharlaimint chun cabhair a cheadú d’fheirmeoirí atá thíos le costais mhéadaithe leasachán.

Tá tionchar díreach ag costas leasachán ar tháirgeadh bia, atá ag dul i méid tar éis chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus dúnadh Chaolas Hormuz le déanaí. Tabharfaidh na bearta nua a vótálfaidh Feisirí orthu tacaíocht airgeadais d'fheirmeoirí agus rochtain níos gasta ar íocaíochtaí níos dírí ó chomhbheartas talmhaíochta an AE (CBT).

Glacfaidh an Pharlaimint a vóta faoina nós imeachta práinne, agus táthar ag súil go nglacfaidh sí na hathruithe ar rialacha CBT mar a mhol an Coimisiún Eorpach.

Vóta: Dé Máirt, an 7 Iúil

Nós imeachta: an gnáthnós imeachta reachtach, an chéad léamh