Cá háit le snámh: na Ballstáit a bhfuil na huiscí snámha is fearr acu
Sa bhaile nó thar lear, is féidir le hEorpaigh sult a bhaint as snámh sa samhradh mar go gcomhlíonann 96% de na háiteanna snámha a tástáladh íoscheanglais cháilíochta AE.
Baineann an chuid is mó againn sult as dul ag snámh ar lá te samhraidh, ach cén dóigh ar féidir linn a bheith cinnte go bhfuil sé sábhailte dul isteach san uisce i ndáiríre?
Tá sé d’oibleagáid ar na Ballstáit monatóireacht a dhéanamh ar cháilíocht an uisce ag áiteanna snámha cósta agus intíre araon agus tuairisciú don Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil (EEA). Cuireann an Ghníomhaireacht tuarascáil bhliantúil mhionsonraithe ar fáil ansin bunaithe ar shonraí na bliana roimhe sin, ina n-aicmítear na suíomhanna snámha éagsúla de réir na n-aicmí seo a leanas: sármhaith, go maith, sásúil nó go dona.
Tuarascáil 2025 EEA ar cháilíocht uisce snámha
Deimhnítear i dtuarascáil na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil i mbliana, atá bunaithe ar thorthaí 2025, go bhfuil feabhas suntasach tagtha ar cháilíocht uisce snámha an Aontais le blianta beaga anuas.
In 2025, measadh go raibh os coinn 85% d'uiscí snámha ag níos mó ná 22,000 suíomh ar fud an Aontais, na hAlbáine agus na hEilvéise, sármhaith, agus chomhlíon 96% na híoschaighdeáin ar a laghad. Ciallaíonn sé sin go raibh an chuid is mó de na huiscí snámha saor ó thruailliú baictéarach a dhéanann dochar do shláinte an duine.
Bhí cáilíocht thart ar 1.5% d’uiscí snámha an Aontais go dona, áfach, agus léirítear sa tuarascáil nach raibh bearta bainistithe uisce do na suíomhanna sin leormhaith i gcónaí nó nach raibh siad á gcur chun i bhfeidhm go héifeachtach.
An tábhacht a bhaineann le rialacha cáilíochta uisce snámha
Tá tábhacht ag baint le cáilíocht an uisce cionn is gur féidir le daoine a bheith tinn le tinneas boilg, ionfhabhtuithe cluaise, súl agus cliabhraigh, agus in amanna galair thógálacha níos tromchúisí eile, ó shnámh in uisce atá truaillithe ag baictéir.
Ritheadh an chéad dlí Eorpach ar cháilíocht uisce snámha 50 bliain ó shin in 1976, agus tá údaráis áitiúla agus náisiúnta ag déanamh monatóireacht ar cháilíocht uisce snámha faoin Treoir um Uisce Snámha reatha le fiche bliain anuas.
Tógtar samplaí uisce roimh agus le linn an tséasúir snámha, ag tástáil do E. Coli agus enterococci stéigeach, baictéir a léiríonn truailliú faecach ó chamras nó ó aoileach. Ansin, aicmítear cáilíocht an uisce snámha mar ‘shármhaith’, ‘go maith’, ‘sásúil’ nó ‘go dona’ bunaithe ar na leibhéil bhaictéaracha a bhraitear.
Cuireann sé sin ar chumas na n-údarás cosc a chur ar shnámh in uiscí nach bhfuil sábháilte le haghaidh snámha.
Rátálacha cáilíochta uisce snámha na mBallstát
Ba iad an Chipir (100%), an Ghréig (97.1%), an Bhulgáir (96.9%) agus an Ostair (96.5%) na Ballstáit ina bhfuil an líon is airde de shuíomhanna snámha le cáilíocht uisce shármhaith acu - 95% nó níos mó.
Ba iad an tSlóvaic (70%), an Bheilg (67.9%), an Ungáir (64%), an Pholainn (58.7%) agus an Eastóin (56.9%) na Ballstáit ina bhfuil an líon is ísle de shuíomhanna snámha a bhfuil cáilíocht uisce shármhaith acu - 70% nó níos lú.
Léigh tuilleadh faoi uisce san Aontas Eorpach:
Uisce snámha
-
Uiscí snámha na hEorpa fós sábháilte le dul ag snámh iontu
osclaítear i bhfuinneog nua é
-
Cáilíocht an uisce snámha agus reachtaíocht an Aontais
osclaítear i bhfuinneog nua é
-
Bileoga eolais
osclaítear i bhfuinneog nua é
-
Léarscáil idirghníomhach leis na háiteanna snámha uilig a tástáladh
osclaítear i bhfuinneog nua é