Faisnéisiú 
 

Tosaíochtaí Uachtaránacht na hÉireann ar an gComhairle á gcur i láthair ag an Taoiseach Micheál Martin 

Maidin Dé Máirt, pléifidh na Feisirí agus an Taoiseach, tosaíochtaí Uachtaránacht sé mhí rialtas na hÉireann ar an gComhairle, a thosaigh an 1 Iúil.

Leis an mana ‘’Ní neart go cur le chéile’’, díreoidh Éire ar thrí phríomhréimse beartais: Iomaíochas, luachanna agus slándáil. Maidir le hiomaíochas, gníomhóidh an treochlár ‘’Aon Eoraip Amháin, Aon Mhargadh Amháin’’ a glacadh le déanaí mar threoirphlean do ghníomhaíochtaí na hUachtaránachta, lena ndíreofar ar an gclár oibre simpliúcháin, ar mhargadh aonair níos comhtháite san Aontas, ar thrádáil, ar an aistriú fuinnimh, agus ar an digitiú agus ar an intleacht shaorga. Oibreoidh Uachtaránacht na hÉireann freisin chun feabhas a chur ar thacaíocht bhuanseasmhach an Aontais don Úcráin, chun rannpháirtíocht ghníomhach sa Mheánoirthear a chur chun cinn, chun obair a dhéanamh chun caibidlíocht aontachais le Montainéagró a thabhairt chun críche, agus chun iarracht a dhéanamh dul chun cinn suntasach a dhéanamh sa chaibidlíocht leis an Albáin, leis an Moldóiv agus leis an Úcráin.

Maidir leis an tslándáil, díreoidh Éire ar bhearta chun slándáil agus cosaint na hEorpa a neartú, lena n-áirítear soláthar cosanta, soghluaisteacht mhíleata, cibearshlándáil, agus gníomhaíocht chun bagairtí hibrideacha a chomhrac. Is tosaíocht uileghabhálach d’Uachtaránacht na hÉireann ar an gComhairle é teacht ar chomhaontú maidir le buiséad fadtéarmach nua an Aontais do 2028 go 2034.

Díospóireacht: Dé Máirt, an 7 Iúil

Nós imeachta: Ráitis ón gComhairle agus ón gCoimisiún, gan aon rún

Preasagallamh: Dé Máirt, an 7 Iúil, (am le deimhniú)