Faisnéisiú 
 

Creat cánach nua do chuideachtaí nuálacha agus don earnáil airgeadais 

Dé Máirt, glacfaidh na Feisirí a bpleananna le haghaidh córas cánach comhleanúnach do ''EU Inc.'', córas gnó uile-Eorpach atá beartaithe, agus d’earnáil airgeadais an Aontais chomh maith.

Cuireann an tuarascáil ‘’EU Inc.’’ leis an bpróiseas reachtach leanúnach maidir leis an 28ú córas (‘’EU Inc.’’) agus leagtar amach inti mionsonraí na ngnéithe cánach den 28ú córas níos leithne lena bhféachtar le tacar aonair rialacha comhchuibhithe a sholáthar do chuideachtaí, go háirithe cuideachtaí nuálacha, chun an margadh aonair a dhoimhniú agus borradh a chur faoin infheistíocht trasteorann. Moltar sa dréacht-téacs, i measc smaointe eile, bonn comhdhlúite don cháin chorparáide, tuairisceáin chaighdeánaithe chánach agus nósanna imeachta simplithe don cháin bhreisluacha (CBL).

Ina dtuarascáil ar chreat cánach don earnáil airgeadais, tá Feisirí chun aird a tharraingt ar an ngá atá leis an díolúine CBL sean-chaite ar fud an Aontas do sheirbhísí airgeadais a athchóiriú nó a bhaint d'fhonn an tírdhreach cánach an-ilroinnte agus costasach a chruthaigh an díolúine seo a mhaolú. Cuireann an ilroinnt sin bac ar aontas na margaí caipitil a chruthú agus cruthaíonn sí deiseanna chun cáin a sheachaint.

Díospóireacht: 9 Iúil (28ú córas cánach)

Vótaí: Dé Máirt, an 7 Iúil (an earnáil airgeadais), an 9 Iúil (an 28ú córas cánach)

Nós imeachta: nós imeachta féintionscanta