Faisnéisiú 
 

Méadú: caibidlíocht aontachais leis an tSeirbia, an Úcráin agus an Moldóiv 

Tá an Pharlaimint chun tuarascálacha bliantúla a ghlacadh lena ndéanfar measúnú ar dhul chun cinn na hÚcráine, na Moldóive agus na Seirbia i dtreo bhallraíocht san Aontas Dé Céadaoin.

Sa dréacht-tuarascáil maidir leis an Úcráin, molann na Feisirí iarrachtaí éachtach na tíre chun institiúidí daonlathacha a neartú le linn an chogaidh. Is díol sásaimh dóibh an dul chun cinn atá déanta ag an Úcráin maidir leis an athchóiriú breithiúnach agus maidir leis an gcomhrac i gcoinne an éillithe agus, ag an am céanna, iarrann siad go leanfaí den athchóiriú sna réimsí criticiúla sin, rud atá ríthábhachtach chun an tír a ullmhú do bhallraíocht san Aontas.

Is díol sásaimh don tuarascáil maidir leis an Moldóiv an dul chun cinn atá déanta ag an tír sna caibidlí caibidlíochta uile agus a tiomantas eiseamláireach leanúnach d’athchóirithe a bhaineann le haontachas leis an Aontas in ainneoin dúshláin shuntasacha inmheánacha agus sheachtracha. Áitíonn Feisirí ar an Moldóiv dlús a chur le luas na bpríomh-athchóirithe i gcomhréir lena cuspóir uaillmhianach ach indéanta, chun caibidlíocht aontachais a dhúnadh go sealadach faoi thús 2028 agus ballraíocht a ghlacadh san Aontas Eorpach faoi 2030.

Deir na Feisirí in ndréacht-tuarascáil go bhfuil stop tagtha le dul chun cinn na Seirbia i dtreo aontachas leis an Aontas, agus go bhfuil ábhair imní dírithe den chuid is mó ar staid an daonlathais agus ar an smacht reachta. I measc na saincheisteanna práinneacha atá le réiteach tá, polarú polaitiúil méadaithe agus an gá atá le hathchóirithe struchtúracha, lena n-áirítear maidir le frithéilliú. Leagann na Feisirí béim ar an ngá atá le comhaontú cuimsitheach normalaithe a bhaint amach leis an gCosaiv agus ailíniú iomlán a bhaint amach le beartas eachtrach an Aontais.

Roimh na vótaí iomlánacha, tionólfaidh Feisirí díospóireachtaí Dé Máirt ar na trí thír. Tar éis na vótaí, tionólfaidh na buanrapóirtéirí don tSeirbia agus don Mholdóiv preasagallaimh.

Nós imeachta: Nós imeachta féintionscnaimh

Díospóireachtaí: Dé Máirt, an 17 Iúil

Vóta: Dé Céadaoin, an 8 Iúil

Preasagallamh maidir leis an tSeirbia: Dé Céadaoin, an 8 Iúil, 15:00

Preasagallamh maidir leis an Moldóiv: Dé Céadaoin, an 8 Iúil,14:30